Number of Applicants
:000+
This job is no longer accepting applications.
Scroll down below to view similar jobs .
Próifíl Róil
Teideal an Phoist: Cuntasóir Airgeadais
Rannán / Feidhm : FTO - Airgeadas
Freagrach do (teideal an phoist): Bainisteoir Airgeadais
Sruth Gairmréime: Gairmiúil
Crios Gairmréime: Gairmiúil / Speisialtóir
Cineál Poist : Buan
** Dáta deiridh d'Iarratais: Dé Máirt 28 ú Bealtaine 2024**
Achoimre ar an nGnó
Soláthraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanais do Rialtas na hÉireann. I dtús báire ba ghníomhaireacht feidhm aonair í a bhainistigh an Fiachas Náisiúnta anois is bainisteoir í ar phunann chasta sócmhainní agus dliteanas poiblí. I measc na ngnólachtaí atá á mbainistiú ag GBCN tá iasachtaí don Státchiste agus bainistiú an Fhiachais Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát ("GÉS"), an Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta ("GAFN"), an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus Téarnamh ("RÉnua"), Ciste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn ("CISÉ") agus Ciste Eascró Éireann-Apple. Sannann GBCN baill foirne freisin don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní ("GNBS"), Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann ("CBSÉ") agus Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ("MTTÉ")
Achoimre ar an Ról
Soláthraíonn feidhm airgeadais GBCN réimse seirbhísí tacaíochta airgeadais agus idirbheart do gach réimse gnó laistigh de GBCN agus do ghníomhaireachtaí eile lena n-áirítear GNBS, CBSÉ agus MTTÉ. Tá Cuntasóir Airgeadais á earcú anois ag GBCN ar chonradh buan don fhoireann tuairiscithe airgeadais a bheidh freagrach don Bhainisteoir Airgeadais. An té a bheidh sa ról suimiúil agus éagsúil seo beidh sé freagrach as réimse tascanna a chur i gcrích laistigh d'fheidhm airgeadais GBCN lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dó seo) tuarascálacha a chur le chéile don bhainistíocht shinsearach, comhpháirtíocht ghnó, bainistiú caidrimh le páirtithe leasmhara, athbhreithniú míosúil ar chomhardú trialach agus réitigh, agus feidhmeoidh sé mar phríomhphointe teagmhála sa phróiseas iniúchóireachta. Is deis iontach é do ghairmí airgeadais post dúshlánach a ghlacadh a thacaíonn le seachadadh seirbhíse na feidhme airgeadais thar réimse éagsúil gnólachtaí a bhíonn ag athrú.
Tá buntáistí den scoth ag baint le bheith ag obair ag GBCN, lena n-áirítear:
Príomhfhreagrachtaí
Tuairisciú airgeadais agus bainistíochta
Cánachas/Comhlíonadh
Taithí
This job is no longer accepting applications.
Scroll down below to view similar jobs .
Share this job with your friends
Share this job with your friends
Copyright © 2024 Grabjobs Pte.Ltd. All Rights Reserved.